Tír an Traonaigh
Seó amharclainne Gaeilge ag The Performance Corporation a nascann teaghlach, nádúr agus cuimhne i dTuaisceart Mhaigh Eo
Cuireann An Taibhdhearc agus The Performance Corporation Tír an Traonaigh i láthair.
Téann beirt deirfiúracha ar thuras gan chiall chun achrann faoi thalamh, an dúlra agus éan beag torannach a réiteach. Ar aghaidh leat ar bhord an bhus chun turas amharclainne nach ndéanfaidh tú dearmad choíche air a dhéanamh trí thírdhreach iontach Thuaisceart Mhaigh Eo, áit ina dtugtar an teaghlach, an bithéagsúlacht agus todhchaí na Gaeilge le chéile.
Agus an lucht féachana ag taisteal trí Ghaeltacht Mhaigh Eo, nochtfaidh scéal na ndeirfiúracha Annie agus Deirbhle, a bhíonn in adharca a chéile. Ag croílár na coimhlinte tá an traonach, éan beag cúthail a mbíonn macalla a ghlao shainiúil le cloisteáil ar fud an Mhuirthead gach samhradh agus é ar ais ó imirce ón Afraic.
Tá saintréithe uile shaothar ceannródaíoch The Performance Corporation ag Tír an Traonaigh – seó eachtrúil ina measctar an amharclannaíocht, an ceol, an damhsa agus íomhánna dochreidte chun eispéireas spraíúil, fuinniúil a bhfuil ábhar machnaimh ann a chruthú. Ba é Tom Swift a scríobh an léiriú nua Gaeilge seo, ba é Jo Mangan a stiúir é, agus ba í An Taibhdhearc a choimisiúnaigh é. Déantar iniúchadh ann ar theaghlach, áit, cuimhne agus an chothromaíocht íogair idir an traidisiún, an nádúr agus an t-athrú.
Dála a gcuid seónna eile a díoladh amach roimhe seo sa cheantar (Disappearing Islands ag the Belmullet Tidal Pool; Lizzie Lavelle agus The Vanishing of Emliclough ag na dumhcha i gCarnach), tá an dráma fréamhaithe i dteanga, tírdhreach agus nádúr an phobail.
Má tá aon riachtanas rochtana agat, déan teagmháil linn ag [email protected]
If you have any accessibility requirements , please contact us at [email protected]
